
Tá taisce i bhfolach ar oileán Rosskit i Loch Meilbhe. Ní oiléan í an áit seo anois mar is féidir siúl isteach ann ar an muineál beag talún a cheanglaíonn an áit don mhórthír anois. Ba oileán tamall fada ó shin é, mar sin féin.
Tá an t-oileán suite ar an taobh thuaidh den loch i mbaile beag darb ainm Dhroim na Srón i gContae Fhear Manach, timpeall leathmhíle ón teorainn leis an gContae Liatroma.
Is pota óir í an taisce agus tá sí i bhfolach ar an gcladach ó dheas achar gearr ó phointe thiar an oileáin.
Nuair a bhí m’athair ina bhuachaill óg, thart ar an mbliain a hocht gcéad déag, chuaigh beirt fhear, beirt chomharsan, lá amháin sa tóir ar an taisce lena gcuid sluaistí. Thosaigh siad ag tochailt síos san áit ar chuala siad na daoine ag rá go bhfuil an taisce inti.
Deirtear gur tháinig siad ar shoitheach adhmaid cosúil le cuinneog bhainne ag seacht dtroigh faoin talamh. Bhí an soitheach lán le miotal ar dhath an óir.
Bhreathnaigh duine de na fir suas ar an bhfear eile. Bhí a chuid súl ag glioscarnach le sceitimíní. Ar an bpointe, chonaic duine de na fir solas geal i bhfad uaidh. Bhí sé ag teacht ó gach uile cheann dá dtithe.
Scairt siad go raibh a dtithe trí thine! Thit na sluaistí as a lámha agus thosaigh an bheirt fhear ag rith abhaile.
Bhoil, nuair a tháinig siad, bhí gach uile shórt go maith. Níor dhóigh na tithe go talamh. Bhí na tithe mar an gcéanna agus a d’fhág siad iad.
Dúirt an bheirt ón uair sin i leith nach rachfaidís go dtí an áit sin choíche arís agus gur áit mí-ádhúil í. Dúirt siad le gach uile dhuine sa gceantar nár cheart dóibh cur isteach ar an taisce atá ar Inneskit.
—– D’aistrigh mé an scéal seo bunaithe ar an leagan Béarla: https://www.duchas.ie/en/cbes/4602727/4598737/4628811?HighlightText=inneskit&Route=stories&SearchLanguage=ga
Freagra