
Ag athinsint scéalta an ama atá thart.
Is mise Maolra.
B’iomaí lá a chuireadh seanscéalta m’athar mhóir faoi dhraíocht mé agus mé ag fás aníos i dteach mo sheanmhuintire.
Dá mhéad a mhéadaíonn mo spéis i gcúrsaí Gaeilge, is ea is mó a thuigim tábhacht na scéalta in oidhreacht chultúrtha na tíre seo.
A bhuí le hacmhainní ar nós dúchas.ie, doegen.ie agus go leor eile, is éard an aidhm atá agam ná beocht nua a thabhairt do na macallaí seo den am atá thart – iad a athinsint i nGaeilge, teanga inar insíodh iad i dtosach, is dóicha.