
Bhí dochtúir óg fadó ann agus seandochtúir.
Tháinig glaoch ar an seandochtúir go raibh bean tinn ar an mbaile. Chuaigh an seandochtúir agus an dochtúir óg go dtí an áit a raibh an bhean tinn.
“Tá tú go han-dona,” a deir an seandochtúir.
“Táim, go deimhin,” a deir an bhean, “mé go han-dona tinn.”
“D’ith tú oistrí,” deir an dochtúir.
“Ó, d’ith go siúráilte,” a deir sise.
“Bhuel, ná hith aríst iad,” deir seisean, “nó go dtuga mise ordú dhuit ar chuma ar bith.”
“Déanfad sin,” a deir an bhean.
D’imigh an dochtúir óg amach ansin agus an seandochtúir. Nuair a chuadar amach ar an tsráid, “Nach maith a bhí a fhios agad,” a deir an dochtúir óg, “gur ith an bhean sin oistrí?”
“Mar chonaic mé na sliogáin faoin leaba,” a deir an seandochtúir.
Faoi cheann dá lá ina dhiaidh tháinig glaoch ar an dochtúir óg arís go raibh fear tinn. Chuaigh an dochtúir óg ag breathnú air. Agus nuair a chuaigh is é an chéad áit a dtug sé súil isteach faoin leaba agus chonaic sé diallait capall leagtha istigh faoin leaba.
“Tá tú go han-dona,” a deir sé leis an bhfear a bhí tinn.
“Ó, táim,” a deir an fear.
“Ó,” a deir sé, “d’ith tú capall.”
“Go deimhin, níor itheas, muise,” a deir an fear. “Is beag an baol a bhí orm,” a deir sé. “Ach níl aon mhaith leatsa i do dhochtúir ar chor ar bith!”
| Ábhar foinse | Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen |
| Nasc | https://www.doegen.ie/ga/node/2387 |
| An bhfuil an bunleagan i nGaeilge? | Tá. |
| Aistritheoir | – |
| Taifeadta ag | Maolra Mac Gearailt |
Freagra