
Tugtar Laethanta na Bó Riabhaigh ar na trí laetheannta i dtosach an Aibreáin.
Deirtí fadó fadó go mbíodh seanbhó ann agus bhí sí ag dul in aois.
Ó, bhí faitíos mór aici roimh ghaoth an Mhárta, ach nuair a tháinig an chéad lá de mhí Aibreáin, ba mhór an faoiseamh di é. Chaith sí suas a heireaball agus dúirt sí:
“Is cuma liom anois, tá an Márta caite, buíochas mór le Dia”.
Ó, Nuair a chuala gaoth an Mhárta é sin, bhí sí oibrithe. D’iarr sí trí lá ar iasacht ó ghaoth an Aibreáin, agus thug gaoth an Aibreáin an trí lá di.
Ar an gcéad lá tháinig báisteach agus aimsir gharbh, ach mar sin féin, ní bhfuair an bhó bás.
Ar an dara lá, bhí báisteach agus toirneach ann agus mar sin féin, níor mharaigh sé an bhó.
Ar an triú lá tháinig sioc agus sneachta, báisteach agus tintreach agus fuair an bhó bás.
Is ó shin a bhíonn faitíos ag na daoine roimh na chéad trí lá de mhí Aibreáin.
| Ábhar foinse | Dúchas.ie – Bailiúchán na Scol |
| Nasc | https://www.duchas.ie/ga/cbes/5215782/5209210/5219402?Route=stories |
| An bhfuil an bunleagan i nGaeilge? | Níl. |
| An bhfuil an bunleagan leasaithe san aistriúchán seo? | Tá. |
| Aistritheoir | Maolra Mac Gearailt |
| Taifeadta ag | Maolra Mac Gearailt |
Freagra